Home, National Library of Ireland
Roghchlár

Caint ar líne | Cartúin bholscaireachta na Cuntaoise Markievicz

... roimh Chogadh Cathartha na hÉireann agus lena linn
Imeacht NLI le haghaidh Fhéile Staire Bhaile Átha Cliath, 2023
Dáta
-
Catagóir Imeacht
Praghas Free
Dáta
-
Catagóir Imeacht
Praghas Free
Constance Georgina Markievicz

EP MARK-CO (1) IV

Ar Líne

Scrúdóidh an staraí Alison Martin cuid de phríomhchartúin bholscaireachta Markievicz, atá i seilbh an NLI anois.

Chomh maith le bheith ina polaiteoir agus ina réabhlóidí, ealaíontóir oilte ab ea an Chuntaois Markievicz freisin. Idir 1922 agus 1923, chuir sí roinnt cartúin bholscaireachta ar fáil ag cáineadh an Chonartha, ag cáineadh na bpolaiteoirí móra a bhí i bhfách an Chonartha agus aon duine eile a raibh baint acu leis an Saorstát nua.  

Scrúdófar sa chaint le léaráidí seo cuid de phríomhchartúin bholscaireachta Markievicz, atá i seilbh an NLI anois. Tugann na cartúin seo léargas ar a tuairimí maidir le ceisteanna inscne agus aicme, mar shampla. Tabharfar cúlra éigin sa chaint seo ar shaol Markievicz freisin.