Ag Féachaint Siar ar an bhFeachtas 'TÁ Comhionannas': Deich mBliana de Chomhionannas Pósta
- Ar an láthair

Tugann Cathaoirleach agus Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (NLI) cuireadh duit a bheith linn chun deich mbliana a cheiliúradh ó tháinig Éire chun bheith ar an gcéad tír ar domhan a cheadaigh comhionannas pósta trí vóta an phobail.
Mar chomóradh ar an gcuimhneachán ríthábhachtach seo, reáchtálfaidh an NLI plé painéil speisialta a dhéanfaidh machnamh ar reifreann 2015 agus ar an gCartlann Dhigiteach TÁ Comhionannas , a bronnadh go flaithiúil ar an NLI in 2020.
Áireofar ar an bpainéal: Brian Sheehan, iar-Chomhstiúrthóir, TÁ Comhionannas; Karl Hayden, scannánóir, grianghrafadóir agus gníomhaí LGBTI+ agus Anna MacCarthy, gníomhaí agus eagraí le LGBT Noise.
Anna Nolan, Cathaoirleach NXF (Cónaidhm Náisiúnta LGBT) agus léiritheoir teilifíse a bheidh ina cathaoirleach ar an bplé.
Fáiltiú ó 6.15pm | Tosaíonn an plé painéil ag 7pm agus mairfidh sé go dtí thart ar 8pm.
Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil Amharclann Joly inrochtana go hiomlán agus go bhfuil ateangaireacht TCÉ ar fáil ach í a iarraidh. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas teacht anseo, féach ar ár suíomh gréasáin: Accessibility | National Library of Ireland nó déan teagmháil linn ag development@nli.ie.