Turas treoraithe: Yeats: The Life & Works of William Butler Yeats
Dé Céadaoin 17 Deireadh Fómhair, 1in
Turas treoraithe trí Ghaeilge saor in aisce don taispeántas Yeats: The Life & Works of William Butler Yeats. Inseoidh Niamh Ní Riain scéal saol WB Yeats, ag úsáid ábhair éagsúla ó bhailiúcháin na Leabharlainne Náisiúnta; lámhscríbhinní, ábhair de chuid Yeats é féin agus grianghraif. Tá an turas seo á reachtáil mar chuid de cheiliúradh Bliain na Gaeilge na Leabharlainne.
Bígí linn!