Subscribe to our Newsletter
Bailiúcháin
Clúdaíonn Bailiúchán Wiltshire ina bhfuil 1,000 claonchlónna agus 300 prionta tréimhse scór bliain ó 1951. Tá Baile Átha Cliath le feiceáil i bhformhór na n-íomhánna, rud a thugann léargas ar an saol sa phríomhchathair ag an am. Ba í Elinor Wiltshire as Green Studios i mBaile Átha Cliath a thóg na híomhánna.
Tá cóipeanna tagartha ionaid de na priontaí ar fáil i Seomra Léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta Grianghrafadóireachta. Is féidir iontrálacha catalóige sonraithe don bhailiúchán iomlán a fháil i gCatalóg Ar Líne na Leabharlainne don bhailiúchán agus tá íomhánna scanta le cuid de na hiontrálacha.
Thionóil an Chartlann taispeántas de ghrianghraif Wiltshire a raibh tóir mhór air i rith samhradh na bliana 1999, If Ever You Go To Dublin Town agus foilsíodh leabhar compánach leis an teideal céanna i nDeireadh Fómhair 1999.