Áirítear leis an mbailiúchán amharclannaíochta lámhscríbhinní a bhain le hamharclanna mar Amharclann na Mainistreach, Amharclann an Gate i mBaile Átha Cliath, Amharclann an Focus, Amharclann an Lantern agus Amharclann an Project. San áireamh freisin tá dialanna Joseph Holloway (1861-1944), a d'fhreastail go dílis ar chéad léiriúcháin ag Amharclann na Mainistreach. I measc na ndrámadóirí a bhfuil a gcuid páipéar mar chuid den bhailiúchán seo tá Richard Brinsley Sheridan, John Millington Synge, George Bernard Shaw, Liam MacUistin, Sean O’Casey, Hugh Leonard, Brien Friel, Tom MacIntyre agus Samuel Beckett.