Má tá cuairt tugtha agat ar an taispeántas cheana féin, ba bhreá linn do thuairim a fháil maidir leis! Tóg nóiméad le do thoil chun ár suirbhé ar líne a dhéanamh.
Maidir leis an taispeántas
D'oscail an taispeántas Yeats: The Life and Works of William Butler Yeats, ar cuireadh síos air san Irish Times mar "one of the most important literary exhibitions yet staged internationally", ar an 25 Bealtaine 2006, agus ghnóthaigh sé ard-mholadh láithreach.
Ó shin, bhain níos mó ná 100,000 duine de gach aois agus náisiúntacht sult as eispéireas saibhir ilmheán an taispeántais rathúil seo.
Reáchtáiltear turais threoraithe ag 3.30 i.n. i rith na seachtaine (le turas breise ar an gCéadaoin ag 5.30 i.n.) agus ag 11 r.n. agus 3.00 i.n. ar an Satharn. Is féidir dul ar thurais ghrúpa ach coinne a dhéanamh - glaoigh ar (01) 6030277 nó seol ríomhtheachtaireacht chuig yeats@nli.ie chun do chuairt a eagrú.
Rian Teaghlaigh 'My Yeats'Is féidir le teaghlaigh an rian My Yeats a leanúint tríd an taispeántas. Is riantreoir tharraingteach agus dhaite í My Yeats a dearadh go speisialta le cabhrú le leanaí in aois 7+ agus a dteaghlach chun taiscéaladh a dhéanamh ar an taispeántas le chéile agus spórt a bheith acu faoi mar a fhoghlaimíonn siad níos mó faoin bhfile, faoina theaghlach agus faoina chairde.
Gradaim:
Association of Heritage Interpretation: Interpret Britain and Ireland Award (Samhain 2006)
CLÉ: Gradam don Chur i Láthair Foriomlán is Fearr i gcomhair an leabhair a théann leis an taispeántas, Works and Days (Eanáir 2007)
Gradaim Irish Digital Media: Gradam Best Business to Consumer Innovation (i gcomhair úsáid scáileán tadhaill ilmheáin sa taispeántas) (Eanáir 2008)
Gradaim an Institute of Irish Designers: Ardmholadh, Amharc-Chumarsáid: Litríochta Fógraíochta/Foilseacháin (do My Yeats)
Moltaí:
Gradam ríomh-Rialtais Education Ireland 2009 (láithreán gréasáin ar an ngearrliosta)
Gradam Músaem Eorpach na Bliana 2009 (taispeántas ar an ngearrliosta)
Chun dul ar thuras fíorúil den taispeántas, tabhair cuairt ar leathanach baile Thaispeántas Yeats a bhain gradam amach.
Eagraíodh taispeántas Yeats le tacaíocht fhlaithiúil ón Anglo Irish Bank.