Tá an Leabharlann Náisiúnta ag ceiliúradh 120 bliain san fhoirgneamh ar Shráid Chill Dara
Bunaíodh an Leabharlann Náisiúnta in 1877, ach níor osclaíodh ár bhfoirgneamh iomráiteach ar Shráid Chill Dara go dtí deireadh mhí Lúnasa 1890. Osclaíodh í go foirmiúil ar an 29 Lúnasa, agus ligeadh cuairteoirí isteach ón 11 r.n. an 30 Lúnasa.
Déantar ceiliúradh ar an gcomóradh seo trí thaispeántas sealadach i bpríomhfhoirgneamh na Leabharlainne ina ndéantar mór dár stair agus dár n-ailtireacht. Beidh turais threoraithe ar ár seomra léitheoireachta agus foirgneamh stairiúil á dtairiscint againn freisin ar an gcéad Satharn de gach mí ag 2.30 i.n. (ní gá áit a chur in áirithe), agus táimid ag súil le fáilte a chur romhat agus muid ag ceiliúradh 120 bliain.