Pas loinge ón 17ú haois bronnta ar an Leabharlann Náisiúnta
5 Lúnasa 2010
Bhronn Enda Connellan, POF, Cuideachta Poirt Bhaile Átha Cliath pas loinge ón 17ú haois sínithe ag Samuel Pepys agus ag Rí Séamas II ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Is é 1687 an dáta atá ar an bpas agus fuair bord Chuideachta Poirt & Dugaí Bhaile Átha Cliath é i 1924. Tá sé ar cheann den dornán beag pasanna loinge ón 17ú haois atá ar fáil agus tá na cinn eile á gcoimeád sna National Archives i Kew, Londain agus ag an National Maritime Museum i Greenwich.
Pas loinge ón 17ú haois sínithe ag Samuel Pepys agus ag Rí Séamas II Féach ar ár bpreaseisiúint le tuilleadh eolais a fháil.
Ar ais chuig An Nuacht is Déanaí