An Príomhsheomra Léitheoireachta
Turas 360° den Seomra Léitheoireachta
Ag leanúint an staighre cloich cuartha dóibh chuig an gcéad urlár sroicheann cuairteoirí an Seomra Léitheoireachta cruinneánach. Tá crú-chruth ar an seomra agus tá sé beagnach 50 troigh ar airde sa lár. Tá sé lasta ag cruinneachán mór sa lár agus ag taobh-fhuinneoga sna ballaí. Os cionn na mballaí íochtair, curtha ar seilf le haghaidh leabhair thagartha, tá fríos plástair de cheiribíní ó Harrisons i mBaile Átha Cliath.