An Chartlann Grianghrafadóireachta Náisiúnta
Turas 360° den Chartlann Grianghrafadóireachta Náisiúnta
Tá an foirgneamh clúiteach seo lonnaithe i gCearnóg Theach an Tionóil i limistéar Bharra an Teampaill i mBaile Átha Cliath. Baintear úsáid as an spás breá nua-aimseartha seo ar feadh na bliana le clár rialta taispeántas bunaithe ar bhailiúchán saibhir grianghrafadóireachta na Leabharlainne.
Tá siopa sa limistéar fáiltithe áit a ndíoltar raon foilseachán, cárta poist agus póstaer de chuid na Leabharlainne.