Limistéar Taispeántais, 2/3 Sráid Chill Dara

Teastaíonn castóir Adobe Macromedia Flash ón mbreiseán seo
Turas 360° den Limistéar Taispeántais, 2/3 Sráid Chill Dara.

Taispeántar sa turas 360° thuas an limistéar taispeántais ar urlár na talún ag 2/3 Sráid Chill Dara. Tá na tinteáin chomh maith leis an tsíleáil ilchasta agus an coirnisiú fós ann ó úsáid roimhe seo an tseomra mar Sheomra Caifé de Chumann Sráid Chill Dara. Tá Sráid Chill Dara í féin infheicthe tríd na sé fhuinneog mhór sa bhalla thiar.

Taispeántar Músaem Araltach an Stáit, a bhí sa spás sin le blianta beaga anuas, sa turas 360° seo. Tá armais chomhairlí contae na hÉireann ar na ballaí, arna bpéinteáil ar sciatha adhmaid agus iad siúd de chuid na gcomhairlí baile péinteáilte ar chárta. Taispeántar sa chás ar chlé an tinteáin an fhallaing agus éide de chuid Ridire Mhálta, agus fallaing ghorm agus coróinéad de chuid Ridire Naomh Pádraig; áirítear sa chás freisin fógra póilíneachta i leith faisnéise um ghoid "seoda choróin na hÉireann" thiar sa bhliain 1907, lenar áiríodh suaitheantas réalta agus diamaint ó Ard-Mháistir an Oird.

Ar taispeáint freisin sa Mhúsaem Araltach atá Suaitheantais Ruaidhrí Mhic Easmainn nuair a bronnadh comhalta d'ord Briotanach é; suaitheantais ord eile; Armas na hÉireann a bhí ar crochadh tráth den saol sna Tithe Parlaiminte ar Fhaiche an Choláiste agus an sciath armais do shochraid Dhónail Uí Chonaill a bhí ar a fheileastramsan; sparán Thiarna Seansailéara na hÉireann; bunmhaitrísí séala; míreanna ilghnéitheacha ar a dtaispeántar úsáid an araltais lena n-áirítear cnaipí libhré, snaoisbhoscaí, plátaí dinnéir phoircealláin, cupáin tae, tíleanna criaga, boinn, nótaí bainc, agus plaiceanna eaglaise.

2/3 Sráid Chill Dara, Limistéar Taispeántais
2/3 Sráid Chill Dara, Limistéar Taispeántais
Conas leas a bhaint as turas 360°?
  • Cliceáil agus tarraing an luchóg agus rothlaigh an íomhá i dtreo ar bith.
  • Bain leas as na heochracha 'Shift' & 'Ctrl' le zúmáil isteach agus amach.
  • Teastóidh
    Breiseán Adobe Flash Playeruait.
    Faigh Adobe Flash Player
Ionaid Turais 360°