Turas 360° den Halla Tosaigh
Tá suaitheantas an ulchabháin agus mana an sapientia (an ghaois) ar urlár mósáiceach le Oppenheimer Mhanchain, a léiríonn ról na Leabharlainne mar ionad an léinn. Taispeántar daoine cáiliúla i saol na litríochta agus na fealsúnachta sna fuinneoga daite. Tabharfaidh tú faoi deara agus tú ag dul i dtreo an Phríomhsheomra Léitheoireachta na figiúirí snoite a léiríonn mór-ranna na hEorpa, na hÁise, na hAfraice agus Mheiriceá ar cheann idirurláir an phríomhstaighre. Tá painéaladh adhmaid agus colbhaí tine snoite adhmaid ornáideacha le Carlo Cambi Siena sna seomraí coimhdeacha ar an gcéad cheann staighre, ina bhfuil an Seomra Léitheoireachta Micreascannáin agus an tSeirbhís Chomhairleach Ginealais.