Turas 360° den Limistéar Taispeántais
Osclaíodh spás taispeántais úr na Leabharlainne thiar sa bhliain 2004 san iar-Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha le seoladh an taispeántais mhóir James Joyce and Ulysses at the National Library. Bhí sé sin mar chaibidil bhreise le clár forbartha tógála na Leabharlainne, agus áiríodh leis oscailt de chaifé Leabharlainne agus athlonnú de shiopa leabhar na Leabharlainne.
Osclaíodh an taispeántas reatha Yeats: the life and works of William Butler Yeats sa bhliain 2006.