Ba chumann d'fhir uaisle a bhí san fhoirgneamh ar dtús (Cumann Sráid Chill Dara) agus is nótáilte é don tsnoíodóireacht ar bhonn na gcaipiteal ar a éadan. Is í an tsnoíodóireacht is neamhghnáiche ná trí mhoncaí ag imirt billéardaí (féach Íomhánna den Leabharlann).
Tá athchóiriú iomlán curtha i gcríche laistigh, le limistéar taispeántais le fáil sa Seomra Caifé tráth den saol, agus Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní suite ar an gcéad urlár in iar-Sheomra Caidrimh an Chumainn. Coinnítear go leor bunghnéithe i limistéar taispeántais urlár na talún, ar féidir amharc orthu sa turas 360° thíos, lena n-áirítear síleáil ilchasta agus coirnisiú ornáideach.