A Century of News Photography: comóradh ar chéad bliain den Irish Independent 1905-2005

Cuireadh an taispeántas A Century of News Photography le chéile le céad bliain an Irish Independent a chomóradh, agus le buíochas a chur i n-iúl as flaithiúlacht bhronnadh na bliana 2004 don Leabharlann ag Independent Newspapers (Ireland) Limited dá bhailiúchán grianghrafadóireachta go léir.Tá luach stairiúil ollmhór leis an mbailiúchán, ina bhfuil níos mó ná 300,000 íomhá, agus is ann a sholáthraítear taifead den scoth i leith beagnach gach gné de shaol na hÉireann san 20ú haois.

I measc na n-íomhánna a áirítear leis an taispeántas seo tá grianghraf de Harry Boland, Michael Collins agus Eamon de Valera ag an gcéad seisiún de Dháil Éireann (1919); tógáil scéim hidrileictreach na Sionainne (1928); Amelia Earhart i nDoire (1932); an Trá Thuaidh, Baile Átha Cliath tar éis na buamála le heitleáin Ghearmánacha (1941); The Beatles ag Pictiúrlann an Ritz i mBéal Feirste (1963); George Best agus baill fhoirne eile de Manchester United i mbun traenála ag páirc imeartha Shamrock Rovers i mBaile an Mhuilinn, Baile Átha Cliath (1964); Charles Haughey ag barr na vótaíochta (1973); Seamus Heaney tar éis Duais Nobel a bhuachan (1995).

Ar ais go dtí Taispeántais Taistil.
 
Regeneration:The West of Ireland 1892-1914
Regeneration:The West of Ireland 1892-1914
Naisc Thapa