Forbhreathnú den Taispeántas
Ulysses James Joyce
Chun comóradh a dhéanamh ar chothrom céad bliain Bloomsday, 16 Meitheamh 1904, an lá ar tharla eachtraí eipiciúla Ulysses le James Joyce, sheol Leabharlann Náisiúnta na hÉireann mórthaispeántas faoin údar agus faoina shaothar ba cháiliúla. Bhí an taispeántas ar siúl idir 16 Meitheamh 2004 - 10 Bealtaine 2006. Táthar tar éis roinnt de na príomhthéamaí ón taispeántas seo a chomhdhlúthú i dtaispeántas taistil atá ar fáil ar iasacht le leabharlann agus le hinstitiúidí eile.
Ábhar agus Formáid
8 seastán taispeána inghiorraithe atá sa taispeántas. Tá na seastáin éadrom agus inaistrithe, lena mhála iompair féin ag gach seastán.
Toisí
Airde - 205cm
Leithead - 85cm
Achoimre ar na hábhair a bhaineann le gach seastán:
1. Ulysses le James Joyce
Taispeántas de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
2. Saol agus Saothar Joyce
Tá an litríocht nua-aimseartha athraithe as cuimse ag saothair James Joyce
3. An Scríbhneoir i mBun Oibre: 1914 – 22
Rinne Joyce cur síos ar a mhodh oibre ar nós iadsan a bheadh ag "innealtóir" agus ag "fear siosúir agus gliú".
4. Foilsiú Ulysses
D'fhoilsigh Shakespeare & Company, cuideachta de chuid Sylvia Beach, Ulysses i bPáras an 2 Feabhra 1922, breithlá chothrom 40 bliana Joyce.
5. Conspóid agus Cinsireacht
Thug na saothair ar fad le Joyce aghaidh ar an gcinsireacht agus tharraing siad achrann.
6. Shakespeare & Company
Bhí Shakespeare & Company mar lár beoga na gluaiseachta nua-aoisí.
7. Baile Átha Cliath Joyce: An Chathair sa Leabhar
Bhí Baile Átha Cliath mar charachtar lárnach ag Joyce in Ulysses.
8. Baile Átha Cliath Joyce: Ceol i mBaile Átha Cliath agus Ulysses
Bhí ceol agus amhránaíocht mar bhuntacaí leis an gcultúr Éireannach sa bhliain 1904 agus léiríonn Joyce a mbeogacht in Ulysses.
Tá réamhamharc ar sheastáin an taispeántais ar fáil ach an comhad seo a íoslódáil:
James Joyce's Ulysses - travelling exhibition Joyce Traveling Exhibition final raster PDF.pdf (0 MB, Adobe PDF)