Déanann an taispeántas seo comóradh ar 25 bliain an tionscadail Lifelines.
Bhí an taispeántas le feiceáil i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann i rith 2010, agus tá sé ar fáil anois ar iasacht mar thaispeántas taistil.
Déanann an taispeántas ceiliúradh ar an tionscadal Lifelines, a tosaíodh in 1985 nuair a mhol an múinteoir Béarla Niall MacMonagle dá rang Cúigiú Bliain i gColáiste Wesley, Baile Átha Cliath, rud éigin a dhéanamh le cabhrú leo siúd a bhí ag fulaingt san Afraic. Scríobh siad chuig daoine cáiliúla agus d’iarr siad orthu an dán ab fhearr leo a ainmniú, agus fáth a thabhairt. Rinneadh na freagraí a dhúbailt ar mheaisín Gestetner na scoile, a stápláil mar leabhrán simplí, agus díoladh gach ceann acu laistigh de dhá lá. Foilsíodh leabhráin eile, a thiomsaigh daltaí ó Choláiste Wesley freisin, in 1988, in 1990 agus in 1992.
Lifelines Mar thoradh ar an rath a bhí ar na leabhráin, foilsíodh leabhar Lifelines in 1992, le brollach le Seamus Heaney. Tháinig Lifelines 2 amach in 1994, agus Lifelines 3 in 1997. D’fhoilsigh Penguin rogha dánta ó Lifelines in 1993, agus d’fhoilsigh Townhouse imleabhar eile, eagrán Nua agus Bailithe, in 2006. Faoin mbliain 2006, bhí níos mó ná €100,000 bailithe do Concern ó dhleachtanna na n-eagrán éagsúil, le hobair na heagraíochta a mhaoiniú sna tíortha i mbéal forbartha.
Cheannaigh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann na litreacha bunaidh a bhí mar chuid den chéad fhoilseachán Lifelines agus bronnadh an t-airgead ar Concern. Ina dhiaidh sin, bhronn Coláiste Wesley gach comhfhreagras, grianghraf agus ábhar cartlainne gaolmhar eile ar an Leabharlann.
Ábhar agus formáid
Tá 12 sheastán taispeána sa taispeántas. Tá na seastáin éadrom agus inaistrithe.
Seastán Teidil
Come See What I Say: Lifelines publications
Litreacha ó rannpháirtithe
Nuair atá tábhacht le dánta
Lifelines: rath Éireannach
Na cinn a d’éalaigh
An Smaoineamh is Simplí: Na foirne agus an scoil
An Balla Clú agus Cáil
Luanna agus rannpháirtithe
Sleachta as litreacha na Rannpháirtithe x 3
Ar ais chuig Taispeántais Taistil.