Island Life: the Islands of Ireland
Tá íomhánna grianghrafadóireachta de shaol laethúil na n-oileán mórthimpeall chósta na hÉireann ó dhéanach sa naoú haois déag ar aghaidh le feiceáil sa taispeántas seo. Tá íomhánna grianghrafadóireachta de shaol laethúil na n-oileán mórthimpeall chósta na hÉireann ó dhéanach sa naoú céad déag ar aghaidh le feiceáil sa taispeántas seo. Tá íomhánna ann chomh maith de roinnt oileán neamhchósta.
Tréimhse de chéad bliain go garbh a thaispeánann na híomhánna, ag tosú go déanach sa naoú céad déag, agus déanann siad céad bliain d'athruithe a dhoiciméadú. Tháinig na grianghraif ó Bhailiúchán Lawrence, taifead faoi leith ar an saol in Éirinn ag tús na naoú haoise déag agus na fichiú haoise, agus ó bhailiúchán Diggin agus ó cheamara an tsár-ghrianghrafadóra Colman Doyle chomh maith. Cé go gcuimsítear oileáin ó mhórthimpeall an chósta sa taispeántas, tá áit lárnach ag saol na ndaoine ar Oileán Acla, Oileáin Árann, Oileán Dairbhre agus ar na Blascaoidí.
Ar ais chuig Taispeántais Taistil.