If I were a Blackbird: Taispeántas faoi Thomas J Kiernan agus Delia Murphy.

Déanann an taispeántas seo ceiliúradh ar shaol an Dr TJ Kiernan, nach maireann (céad Ambasadóir na hÉireann chun na hAstráile) agus a mhná céile Delia Murphy, amhránaí clúiteach d’amhráin thraidisiúnta ar nós The Spinning Wheel, The Moonshiner agus Thank You Ma’am Says Dan. Úsáidtear grianghraif, líníochtaí, leabhair agus taifid chun scéal mhuintir Kiernan a insint. Rinne siad iarracht le linn dóibh bheith ina gcónaí in Canberra mórtas cine a spreagadh sa phobal Gael-Astrálach thall. Chuir siad béim ar an ról a bhí ag muintir na hÉireann i bhforbairt na hAstráile agus, ar an mbealach céanna, ról an Ghaeil-Astrálaigh in iarracht mhuintir na hÉireann neamhspleáchas a bhaint amach. Bhí leagan den taispeántas ar siúl sa National Museum of Australia, Canberra, in 2007.

Ábhar agus Formáid

8 seastán taispeána inaistrithe atá sa taispeántas. Tá na seastáin éadrom agus inaistrithe.

Toisí: Airde - 205cm; Leithead - 85cm; Meáchan - Timpeall 5kg

  1. Seastán teidil: If I Were a Blackbird le híomha de Delia Murphy agus Thomas J Kiernan
  2. I’d whistle and sing - Taispeántas faoi shaol Delia Murphy agus Thomas J Kiernan. Comóradh ar 60 bliain d’ionadaíocht taidhleoireachta na hÉireann thall san Astráil.
  3. 1897 – 1924 Baile Átha Cliath, Maigh Eo, Gaillimh
  4. 1924 – 1945 Londain, Baile Átha Cliath, An Róimh
  5. 1946 - 1950 An Astráil
  6. 1950 – 1954 An Astráil (ar lean)
  7. 1955 – 1964 An Ghearmáin, Ceanada, SAM, Éire
  8. Well So Now To Conclude I Give Thanks - Buíochas

Ar ais chuig Taispeántais Taistil.

 
Regeneration:The West of Ireland 1892-1914
Regeneration:The West of Ireland 1892-1914
Naisc Thapa