Poole's Photographic Store: photographing Waterford

D'fheidhmigh comhlacht mhuintir AH Poole mar ghrianghrafadóirí tráchtála i bPort Láirge ó 1884 go dtí 1954. Nuair a chuir an comhlacht deireadh lena chuid oibríochtaí, cheannaigh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann thart ar 65,000 claonchló gloine (an bailiúchán aonair grianghraf dá chineál ba mhó riamh sa tír) ó theaghlach Poole. Áirítear le formhór bhailiúchán Poole na Leabharlainne portráidí de dhaoine aonair as an áit agus líon beag de ghrianghraif de ghrúpaí daoine as gnólachtaí áitiúla éagsúla, scoileanna, clubanna agus cumainn, chomh maith le grianghraif de dhaoine éagsúla as teaghlach Poole féin.

Díríonn an taispeántas taistil, Poole's Photographic Store: photographing Waterford, ar íomhánna as an gcartlann stairiúil thábhachtach seo. Ina measc tá portráidí, grianghraf de shráideanna agus mórfhoirgnimh agus sainchomharthaí tíre Phort Láirge.

Ar ais go dtí Taispeántais Taistil.
 
Regeneration:The West of Ireland 1892-1914
Regeneration:The West of Ireland 1892-1914
Naisc Thapa