Eyewitness: Ireland through the lens of Colman Doyle
Léiríonn an taispeántas 90 grianghraf ó bhailiúchán grianghraf Colman Doyle ina bhfuil beagnach 25,000 íomhá a choinnítear i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. I measc na ngrianghraf atá ar taispeáint tá portráidí de Charles J Haughey, an tUachtarán Eamon de Valera, Jack Lynch, an Pápa Eoin Pól II, John F Kennedy agus Banphrionsa Grace Mhonacó.
Man of the Blasket Islands le Colman DoyleTá fínéid sa taispeántas freisin de shaol na hÉireann idir na 1950í agus na 1990í, a chlúdaíonn ábhair mar imirce na nÉireannach agus athruithe sa saol laethúil in Éirinn agus sna Blascaoidí. Tá an ghné seo den bhailiúchán mar chontrárthacht ar ghrianghraif Doyle den saol laethúil i dTuaisceart Éireann le linn na 1970í agus 1980í – tréimhse ina ndearna sé mórán íomhánna de chruinnithe polaitiúla agus foréigean sráide a thaifeadadh.
Beidh an taispeántas seo le feiceáil i Leabharlann James Hardiman in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ón 3 Bealtaine 2010 go dtí an 25 Meitheamh 2010, agus ní bheidh sé ar fáil i gcomhair iasachta roimhe sin.
Ar ais chuig Taispeántais Taistil.