Centenary Shadows: grianghraif de Samuel Beckett le John Minihan

29 Márta - 27 Bealtaine 2003
An Chartlann Grianghrafadóireachta Náisiúnta

Beckett, Blvd. St Jacques, 1985. © J MinihanBeckett, Blvd. St Jacques, 1985. © J Minihan

Rugadh Samuel Beckett i mBaile Átha Cliath i 1906 ach is i bPáras a chaith sé formhór a shaol mar dhuine fásta. Bhí sé ar dhuine den bheagán scríbhneoirí trialach a bhain clú agus cáil amach, thug a chuid gearrscéalta, úrscéalta agus a chuid drámaí aitheantas dó mar an scríbhneoir áiféise ab fhearr riamh san fhichiú haois faoin am a bhain sé amach Duais Nobel i 1969. Cuireadh an saothar is fearr aithne dá chuid – an dráma a raibh tionchar mór aige En Attendant Godot (Waiting for Godot) – ar stáitse don chéad uair i bPáras i 1953.

Ar feadh na bliana 2006, chuir institiúidí cultúrtha i go leor tíortha ar fud an domhain imeachtaí ar siúl chun comóradh 100 bliain ó rugadh Beckett an 13 Aibreán 1906 a cheiliúradh. Anseo in Éirinn, ceann de bhuaicphointí an chomórtha ab ea an taispeántas grianghrafadóireachta a dhírigh ar ghnéithe éagsúla dá shaol agus dá shaothar; d'oscail sé ag an gCartlann Grianghrafadóireachta Náisiúnta an 29 Márta 2006.

Bhí 40 grianghraf sa taispeántas, ina measc go leor portráidí de Beckett a thóg an grianghrafadóir as Éirinn, John Minihan, a chas le Beckett don chéad uair i 1980. Cruthaíodh cuid de na híomhánna grianghrafadóireachta b'iontaí agus b'íocónaí den scríbhneoir mar gheall ar an gcaidreamh a bhí acu. Tá cáil ar phortráidí Minihan de Beckett ar fud an domhain; cuirtear lena dtábhacht mar gheall ar a nganntanas - is beag fonn a bhíodh ar an scríbhneoir a phictiúr a fháil tógtha.

I measc na n-íomhánna a bhí ar taispeáint bhí an portráid cáiliúil de Beckett sa Le Petit Café ar an Boulevard Saint Jacques, Páras i mí na Nollag 1985, agus ceann de Beckett, a mhála ar a dhroim aige, agus é ag imeacht ón gceamara i dtreo Stáisiún an Tube i Hammersmith, Londain, i 1984. Le feiceáil freisin sa taispeántas bhí íomhánna a thóg Minigan le linn léiriúcháin éagsúla de dhrámaí Beckett, ina measc grianghraif de Beckett ag stiúradh Waiting for Godot ag Riverside Studios i Londain i 1984; Max Wall ina pháirt i Krapp's Last Tape ag Riverside Studios, Londain i 1987, agus Billie Whitelaw i Rockabye, Londain 1987.

John Minihan ag seoladh an taispeántais.John Minihan ag seoladh an taispeántais.

Rugadh John Minihan i mBaile Átha Í, Contae Chill Dara. Is mar 'theachtaire' a bhí sé ina chéad phost nuair a bhí sé 15 sa London Daily Mail ag tógáil cóipeanna ó scríbhneoirí speisialtachta mar James Cameron agus Bernard Levin agus ag déanamh tae d'fhoeagarthóirí. Bhí sé 16 bliana d'aois nuair a thosaigh sé ag tógáil pictiúir amaitéaracha leis an gcéad cheamara a bhí aige, Yashica-Mat. Bhain ceann de na chéad ghrianghraif a bhí aige de Ardeaglais Naomh Pól duais an London Evening Standard amach dó agus fuair sé cúig guine. Ní raibh sa duais sin i 1962 ach an tús. Fuair sé cuirí éagsúla ar feadh a shaoil gairme go léir, a mhair thart ar dhá scór bliain, chun grianghraif a ghlacadh de chuid de mhórphearsa cáiliúla an domhain agus go deimhin de dhaoine a bhí sách cúthail os comhair an cheamara.

Bhí taispeántas na Cartlainne Grianghrafadóireachta Náisiúnta ar bun ag an am céanna le foilsiú a leabhair dar teideal Centenary Shadows, a photographic essay of Samuel Beckett.

Ar ais go dtí Taispeántais Roimhe seo.