Gallant Sons: Irishmen and the Great War

5 Aibreán – 30 Aibreán 2007
An Príomhfhoirgneamh, Sráid Chill Dara

"Can you any longer resist the call?" (War/1914-18/12)"Can you any longer resist the call?" (War/1914-18/12)

Ag tarraingt ar bhailiúcháin phriontáilte, lámhscríbhinne agus amhairc na Leabharlainne, scrúdaigh an taispeántas seo an taithí a bhain thart ar 200,000 fear as Éirinn as a bheith ag troid sa Chéad Chogadh Domhanda.

Léirigh raon bileoga bolscaireachta comhaimseartha agus póstaeir earcaíochta mealltacha roinnt de na cúiseanna a bhí ag cuid de na daoine a chuaigh amach ag troid go toilteanach. Cé go raibh sé mar aidhm ag go leor de na póstaeir seo dul i gcion ar an té a bheifí a earcú ar bhonn moráltachta agus tírghrách, bhí sé mar aidhm ag cinn eile, mar bhileog a thug sonraí faoi liúntas idirscartha do mhná céile agus teaghlaigh na saighdiúirí, daoine a spreagadh le dhul chun cogaíochta ar bhealach níos giorraisce.

Is minic a d'airíodh na fir an saol fada as baile agus sheol go leor acu litreacha abhaile mar bhealach chun an t-am a chaitheamh chomh maith le bealach chun brí éigin a bhaint as an saol a bhí acu ag an am. Thug rogha litreacha agus cártaí poist ó bhailiúchán lámhscríbhinní na Leabharlainne léargas do chuairteoirí ar an taithí a bhain fir na hÉireann as an gcogadh: an saighdiúir óg as Cill Mhantáin, a scríobh agus é faoi ionsaí sliogáin agus é cinnte go raibh a chuid aige, agus an t-oifigeach níos sinsearaí a chaith go leor dá chuid ama go compordach ar an gcúlráid, agus é i mbun feirm an teaghlaigh i Lú trí litreacha chuig a bhean. I measc comhfhreagrais cogaidh eile bhí teileagram ón Oifig Cogaidh ag cur in iúl do bhean óg go raibh a fear céile básaithe agus sleachta uaigneacha as dialann 1916, a scríobh bean as Baile Átha Cliath i bhfoirm litreach chuig a maicín óg a chuaigh ar iarraidh le linn trodaíochta.

Teileagram ón Oifig Cogaidh chuig Mrs. McDonnell, Meán Fómhair 1918 (Ms. 27,816/7)Teileagram ón Oifig Cogaidh chuig Mrs. McDonnell, Meán Fómhair 1918 (Ms. 27,816/7)

Scrúdaigh an taispeántas freisin an ról a bhí ag séiplíneach an airm agus d'fhéach sé go háirithe ar thaithí an Athar Willie Doyle, ar foilsíodh a chuid dialanna agus na litreacha a sheol sé abhaile i ndiaidh a bháis ag Tríú Cath Ypres i 1917. In éineacht le scéala báis agus ábhar priontáilte eile a bhain leis an sagart bhí iontráil an Athar Doyle i dTaifid Chuimhneacháin na hÉireann (rolla marbhán na hÉireann, maisithe ag Harry Clarke). Bhí deis ag cuairteoirí iniúchadh níos fearr a dhéanamh ar na Taifid trí rochtain a fháil ar leagan digitithe den doiciméad, agus bhí siad in ann é seo a chuardach féachaint an bhfuair duine muinteartha leo bás sa chogadh nó nach bhfuair. Cuireadh an taispeántas mar chuid den tionscnamh Dublin: One City, One Book , a d'fhéach i 2007 ar úrscéal cáiliúil Sebastian Barry faoin gCéad Chogadh Domhanda, A Long Long Way.

Ar ais chuig Taispeántais Roimhe Seo.