Power and Privilege: photographs of the Big House in Ireland 1858-1922

An Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, Lúnasa 2010 - Bealtaine 2011

Taispeántas é seo faoi shaol na hÉireann sna "Tithe Móra” mar a bhíodh sé ó lár 19ú haois go dtí go luath sa 20ú haois. Rogha grianghraf a tógadh idir 1858 agus 1922 atá ann ina léirítear gairdíní agus an tírdhreach; fostaithe; córacha iompair; siamsaíocht agus caitheamh aimsire; na healaíona agus na heolaíochtaí; agus saol an teaghlaigh.

Bhain cuid de na grianghraif le tithe atá ina sainchomharthaí cáiliúla tíre fós: Caisleán Cheapach Corcóige i gContae Mhaigh Eo, Teach Chartún i gContae Chill Dara, agus an Currach Mór i gContae Phort Láirge. Tá cuid eile acu, mar Chaisleán Bhórú i gContae Loch Garman agus Chaisleán Mhaigh Droma san Iarmhí, leagtha le fada. Níor taispeánadh go leor de na grianghraif sin don phobal riamh cheana.