Cartúin Shemus ón Freeman’s Journal

9 Nollaig 2009 - 1 Márta 2010

Foilsíodh na cartúin Shemus i nuachtán an Freeman’s Journal idir 1920 agus 1924. Rinneadh cur síos orthu mar ‘buamaí ealaíne’ i nDáil Éireann i 1923, agus tugann siad tráchtas a théann go cnámh maidir le himeachtaí na tréimhse sin. I rith Chogadh na Saoirse, dhírigh siad ar réimeas na Breataine a bhí ag éirí níos brúidiúla de réir a chéile in Éirinn. Níos déanaí rinne siad ionsaí ar an rialtas nua i dTuaisceart Éireann agus ar na poblachtaigh a bhí in aghaidh an Chonradh Angla-Éireannach i 1921. Ba Shasanach an cartúnaí, Ernest Forbes (1879-1962), a bhí ina ealaíontóir rathúil ina dhiaidh sin i Londain, agus i Yorkshire, a cheantar dúchais.

I mí na Nollag 2006, fuair Leabharlann Náisiúnta na hÉireann cartlann de thart ar 280 mír le Forbes, líníochtaí bunaidh de chartúin Shemus den chuid is mó. Tá an líníocht bhunaidh ann do níos mó ná trí ceathrú de na cartúin a foilsíodh, chomh maith le 30 eile is cosúil nár foilsíodh riamh. Tá trí cinn de na cartúin in uiscedhath; is líníochtaí peann agus dúch iad an chuid eile acu, le scáthú beag i gcrián gorm. Chomh maith leis sin, tá thart ar 25 prionta liteagrafacha de chartúin Shemus agus cinn a gearradh amach as irisí, roinnt portráidí caracatúir bunaidh de dhaoine móra le rá a síníodh leis an monagram Shemus, agus líníochtaí bunaidh de chartúin eile le Shemus a shínigh sé mar ‘Cormac’.

Tá an taispeántas seo ag gabháil leis an bhfoilseachán Terror and Discord: the Shemus cartoons in the Freeman’s Journal, 1920-1924 (A&A Farma, 2009) le Felix M. Larkin, leaschathaoirleach ar Chumann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, atá foilsithe i gcomhar le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Tá Terror and Discord ar fáil le ceannach i siopa leabhar na Leabharlainne ar €14.99.

Ar ais chuig Taispeántais Roimhe Seo