If ever you go to Dublin town

If ever you go to Dublin town An Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, Barra an Teampaill Oscailte anois Taispeántas d’íomhánna allabhracha a thóg Elinor Wiltshire de mhuintir Bhaile Átha Cliath agus iad ag obair, ag spraoi, ag siopadóireacht agus ag guí le linn na 1950í agus na 1960í is ea If ever you go to Dublin town. Is ón dán leis an ainm céanna, le Patrick Kavanagh, a thógann an taispeántas If ever you go to Dublin town a theideal. Cara agus comharsan le Elinor Wiltshire arbh ea Kavanagh, mar aon le daoine eile a bhain leis an saol liteartha, Flann O’Brien ina measc.

Rugadh Elinor Wiltshire (nee O’Brien) i Luimneach agus bhunaigh sí na Green Studios ar Fhaiche Stiabhna, Baile Átha Cliath sna 1950í, in éineacht lena fear céile, Reginald Wiltshire. Thar thréimhse cúig bliana déag nó mar sin, agus í ag úsáid ceamara Rolleiflex a fuair sí i 1955, thóg Elinor Wiltshire íomhánna de chathair a bhí ag athrú agus de mhuintir na cathrach. Bhíodh an ceamara Rolleiflex ceangailte ag an mbásta agus breathnaíodh ar na radhairc nó ar na híomhánna a bhí le tógáil trí scáileán 6x6cm de ghloine mheilte. Mar sin, ní raibh a fhios ag a lán de na daoine a léirítear sna portráidí sa taispeántas go raibh ceamara á dhíriú orthu in aon chor, rud a fhágann go bhfuil cuma nádúrtha neamh-urchoillte orthu sna grianghraif.

Tá ceapachán beagnach foirfe in a lán dá cuid grianghraf a léiríonn an tsúil a bhí ag an ealaíontóir don áilleacht sa saol laethúil - daoine ag siopadóireacht ar mhargadh gnóthach athláimhe Shráid Cumberland; laethanta samhraidh ar thrá Dhumhach Thrá; spleodar lucht leanúna Chluichí Ceannais na hÉireann ag na stáisiúin traenach; mórshiúlta Fhéile Chorp Chríost trí chathair Bhaile Átha Cliath. Déantar taifeadadh freisin ar athruithe suntasacha sóisialta ar ionchathair Bhaile Átha Cliath, mar a léirítear san imní atá le feiceáil ar éadan na ndaoine a raibh cónaí orthu i bplódtithe ar Shráid Eabhrac, gar d’Fhaiche Stiabhna, agus díshealbhú rompu agus athlonnú chuig ceantair nua cosúil le Baile Munna.

If ever you go to Dublin townIf ever you go to Dublin town

Ní faoi Bhaile Átha Cliath amháin a cuid grianghraf, áfach. Déanann cuid de na híomhánna is tábhachtaí taifeadadh ar an saol a chaith teaghlaigh an Lucht Siúil ag am ina raibh Éire ag athrú go mór. Tá fíorshuntas ag baint lena grianghraif de shuí i gCo. Chorcaí, agus teaghlaigh ag fáil faoi réir d’Aonach Capall Chathair an Mhígh, mar atá leis na grianghraif a thóg sí de shuíomh campála Sheridan/O’Brien i mBaile Locha Riach, Co. na Gaillimhe.

Fuair a fear chéile, Reginald, bás i 1968 agus dá bharr sin díoladh an gnó agus tháinig deireadh lena sraith grianghraf de Bhaile Átha Cliath. Tar éis di cuairt a thabhairt ar an Aetóip i 1971, chuir sí fúithi i Londain, áit a bhfuil sí ag obair anois mar luibheolaí agus mar thaighdeoir i Músaem an Dúlra.

Tá isteach is amach le 1,000 claonchló agus 300 prionta i mBailiúchán Grianghrafadóireachta Wiltshire ina iomláine. Shealbhaigh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann é i 1994 agus thaispeáin an Chartlann íomhánna ón mbailiúchán den chéad uair i 1999.

Tabhair cuairt ar an gCartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta.

Ar ais chuig Taispeántais Roimhe Seo