The 1916 Rising: Personalities and Perspectives

Tarraingíonn an acmhainn staidéir seo go heisiach ar bhailiúcháin na Leabharlainne Náisiúnta, lena n-áirítear sealbhúcháin saibhre na Leabharlainne de leabhair, nuachtáin, grianghraif, líníochtaí, forógraí agus ábhar lámhscríbhinne ach go háirithe. Táthar tar éis níos mó ná 500 íomhá a roghnú trí chéile le staidéar agus anailís a dhéanamh orthu.

Is trí mheán na gcáipéisí comhuaineacha a dhíríonn The 1916 Rising: Personalities and Perspectives orthu siúd a shocraigh cúrsaí d'imeachtaí Sheachtain na Cásca 1916, an seachtar daoine a shínigh an forógra féin, na daoine eile a cuireadh chun báis tar éis an Éirí Amach, na taismigh agus na daoine a tháinig slán tríd.

Tá súil againn go gceapann sibh an pheirspictíocht seo i leith an Éirí Amach a bheith eolach agus áisiúil mar bhreiseán do na hacmhainní atá ar fáil do mhic léinn agus don léitheoir ginearálta araon sa tréimhse seo de stair na hÉireann.

Seol The 1916 Rising: Personalities and Perspectives.

Ar ais go dtí Taispeántais Ar Líne.