Mar chuid de Chlár For-Rochtana agus Oideachais na Leabharlainne, agus ag teacht le beartas digiteach na Leabharlainne, cuirfear mórthaispeántais ar fáil ar líne.
Liostaítear thíos na Taispeántais ar Líne a bhfuil fáil orthu faoi láthair:
The 1916 Rising: Personalities and Perspectives
Tarraingíonn an acmhainn staidéir seo go heisiach ar bhailiúcháin na Leabharlainne Náisiúnta, lena n-áirítear sealbhúcháin shaibhre na Leabharlainne de leabhair, nuachtáin, ghrianghraif, líníochtaí, fhorógraí agus d’ábhar lámhscríbhinne ach go háirithe. Táthar tar éis níos mó ná 500 íomhá a roghnú trí chéile le staidéar agus anailís a dhéanamh orthu.
Yeats: The Life and Works of William Butler Yeats
Leagan ar líne idirghníomhach den mórthaispeántas, Yeats: The Life and Works of William Butler Yeats, a osclaíodh i bpríomhlimistéar taispeántais na Leabharlainne sa bhliain 2006. Tá na mílte íomhá de lamhscríbhinní agus leabhair ó Leabharlann Yeats agus ó bhailiúcháin Leabharlann eile le feiceáil sa leagan ar líne, mar aon le taifeadtaí fuaime agus fís-taifeadtaí, agus iad curtha i láthair trí shraith taispeántas idirghníomhach.