The 1916 Rising: Personalities and Perspectives

D'fhorbair an Leabharlann taispeántas ar líne dar teideal The 1916 Rising: Personalities and Perspectives le comóradh a dhéanamh ar chothrom 90 bliain ó Éirí Amach 1916. Tá an taispeántas deartha mar acmhainn do gach duine le spéis acu sa tréimhse stairiúil seo, ach is rí-áisiúil é do dhaltaí Shiollabas Staire na hArdteistiméireachta de bharr a chuir chuige cáipéis-bhunaithe.

Tarraingíonn an acmhainn staidéir seo go heisiach ar bhailiúcháin na Leabharlainne Náisiúnta, lena n-áirítear sealbhúcháin saibhre na Leabharlainne de leabhair, nuachtáin, grianghraif, líníochtaí, forógraí agus ábhar lámhscríbhinne ach go háirithe. Táthar tar éis níos mó ná 500 íomhá a roghnú trí chéile le staidéar agus anailís a dhéanamh orthu.

Is trí mheán na gcáipéisí comhuaineacha a dhíríonn The 1916 Rising: Personalities and Perspectives orthu siúd a shocraíonn cúrsaí d'imeachtaí Éirí Amach 1916, na seacht nduine a chuir a síniú leis an bhforógra, na daoine eile a daoradh chun báis tar éis an Éirí Amach, na taismigh agus na daoine a tháinig slán.

Seoladh The 1916 Rising: Personalities and Perspectives.

Ar ais go dtí Iarbhunoideachais.