Priontaí agus Líníochtaí na hÉireann

Tá níos mó ná 18,000 prionta portráide ann, agus fuarthas a bhformhór mar chuid de bhronntanas an Dr Jaspar Joly. Is priontaí inspéise d'Éirinn iad os cionn 3,000 acu agus tá daoine cáiliúla mar Daniel O'Connell, Diúic Wellington, Edmund Burke agus Jonathan Swift le feiceáil i gcuid mhaith saothar eile. Is iar-phéintéireachtaí le healaíontóirí Éireannacha iad priontaí eile lena n-áirítear John Comerford, Hugh Douglas Hamilton, Charles Grey RHA, James Petrie, Sir Martin Archer Shee, Stephen Catterson Smith agus ealaíontóirí as an mBreatain lena n-áirítear Sir Joshua Reynolds, Sir Thomas Lawrence agus Sir Peter Lely.

Elizabeth Gunning, Bandiúc Argyll. Mezzotint le James McArdell tar éis F. Cotes. PD argy-el (1)Elizabeth Gunning, Bandiúc Argyll. Mezzotint le James McArdell tar éis F. Cotes. PD argy-el (1)

Tá trácht ar sárdhéantóirí priontaí as Éirinn freisin le saothair de chuid na luath-ealaíontóirí mezzotint James McArdell, Thomas Beard, John Brooks agus Andrew Miller agus greantaí leis na hÉireannaigh Henry Brocas Senior, John Kirkwood agus Patrick Maguire. Sealbhaíonn an Rannóg roinnt bunlíníochtaí portráide freisin lena n-áirítear bailiúchán le John Butler Yeats dá theaghlach agus roinnt cairde leis.

Ar ais go dtí Bailiúcháin.
 
Dearadh síleála le Michael Stapleton (AD 2255).
Dearadh síleála le Michael Stapleton (AD 2255).
Naisc Thapa