Priontaí agus Líníochtaí Stairiúla na hÉireann
Cuimsíonn siad léaráidí, uiscedhathanna agus greanta a dhéanann taifeadadh ar an stair pholaitiúil, eacnamúil agus shóisialta ó na 1660idí ar aghaidh. Déantar léiriú maith ar ócáidí stairiúla na hÉireann agus áirítear leis an mbailiúchán priontaí le Hollar agus Maes a chlúdaíonn Cogadh an Dá Rí, líníochtaí William Sadler d'Éirí Amach 1798, cnuasach cuimsitheach ar Dhónaill Ó Conaill agus Fuascailt na gCaitliceach arna bhailiú ag T.M. Ray, rúnaí Chumann na gCaitliceach agus bunlíníochtaí le CW Cole a chlúdaíonn feachtas Parnell, camchuairt 'Relief of Irish Distress' de chuid Diúic Edinburgh, agus imeachtaí a bhaineann leis an mbaghcat a rinneadh ar eastát an Tiarna Erne, i gCo. Mhaigh Eo in 1880. Tá go leor priontaí comórtha eisithe freisin ar chomóradh ócáidí stairiúla in Éirinn.
Vinegar Hill, charge of the 5th Dragoon Guards on the insurgents, le William Sadler. PD 3176 TX 1.