Cartúin agus Aortha na hÉireann

'Geography Bewitched' le Tom Merry. St. Stephen's Review, 23 Meitheamh 1888.'Geography Bewitched' le Tom Merry. St. Stephen's Review, 23 Meitheamh 1888.

Tá bailiúchán fairsing ann de phriontaí aoire agus bunlíníochtaí ón 18ú haois déag go dtí an lá atá inniu ann. Clúdaíonn go leor acu téamaí polaitiúla mar Acht an Aontais, Saoirse na gCaitliceach, Cogadh na Talún agus an Cogadh Cathartha, chomh maith le ceacht magaidh a dhéanamh de mhórphearsa polaitiúla na tréimhse lena n-áirítear Dónaill Ó Conaill agus Charles Stewart Parnell.

Bhí an caidreamh idir Éire agus an Bhreatain faoi chaibidil freisin ar fud an bhailiúcháin. Déantar tagairt mhór do shaothar H.B. (John Doyle), trína chuid liotagraif, mar a rinneadh freisin i gcás John Fergus O'Hea, J.D. Reigh agus Thomas Fitzpatrick a raibh a gcuid cartúin le feiceáil mar fhorlíontaí le léaráidí a cuireadh amach le nuachtáin mar The Weekly Freeman, United Ireland agus The Union. Tá bunchartúin le Thomas Fitzpatrick, Gordon Brewster agus Martyn Turner i measc sealbhaíochtaí na Rannóige freisin.

Ar ais chuig Bailiúcháin.
 
Dearadh síleála le Michael Stapleton (AD 2255).
Dearadh síleála le Michael Stapleton (AD 2255).
Naisc Thapa