Bailiúcháin

Lean na naisc thíos chun tuilleadh a fháil amach faoi bhailiúcháin ar leith.


Cartúin agus Aortha na hÉireann
Clúdaíonn an bailiúchán seo de phriontaí aoire agus bunlíníochtaí ón 18ú haois déag go dtí an lá atá inniu ann téamaí polaitiúla mar Acht an Aontais agus an caidreamh idir Éire agus an Bhreatain.

Ealaíona Leabhair Éireannaigh - Ealaíontóirí, Maisitheoirí agus Déantóirí Priontaí
Áirítear leo seo léaráidí le Margaret Gregory, Sophia Praeger agus Harry Clarke i measc eile, chomh maith le bailiúchán de bhloic adhmaid ghreanta leis an ealaíontóir Harry Kernoff.

Priontaí agus Líníochtaí na hÉireann
Tá níos mó ná 18,000 prionta portráide ann agus is ábhar inspéise d'Éirinn breis is 3,000 de na priontaí sin. Is iar-phéintéireachtaí le healaíontóirí Éireannacha iad na priontaí eile agus tá trácht freisin ar sárdhéantóirí priontaí as Éirinn.

Priontaí agus Líníochtaí Topagrafaíochta na hÉireann
Ag déanamh tírdhreach athraitheach na hÉireann agus Bhaile Átha Cliath go sonrach a rianú le trí chéad bliain anuas.

Priontaí agus Líníochtaí Stairiúla na hÉireann
Ag taifeadadh an stair pholaitiúil, eacnamúil agus shóisialta in Éirinn ó na 1660idí ar aghaidh lena n-áirítear priontaí comórtha a eisítear ar chomóradh ócáidí stairiúla in Éirinn.

Líníochtaí Ailtireachta na hÉireann
Tá os cionn 3,000 líníocht ailtireachta anseo ag clúdach go príomha an 18ú agus an 19ú haois déag, lena n-áirítear obair James Gandon, Thomas Cooley agus daoine nach iad.

Priontaí as an mBreatain agus as an Mór-Roinn
Tá an Bhreatain agus an Fhrainc le brath go láidir sa bhronntanas seo ón Dr. Jaspar Joly agus áirítear leis portráidí, topagrafaíocht agus imeachtaí míleata agus stairiúla.

Bailiúcháin Mhóra Eile
Áirítear leis na bailiúcháin mhóra eile priontaí, líníochtaí agus pictiúir uiscedhatha le muintir Brocas; bunlíníochtaí agus bunchartúin ó bhailiúcháin Joseph Holloway; bunléaráidí agus bundearaí le Norah McGuinness; agus na ‘Ship Pictures’ le Murrogh V. O’Brien.
 
Dearadh síleála le Michael Stapleton (AD 2255).
Dearadh síleála le Michael Stapleton (AD 2255).
Naisc Thapa