Bailiúchán Léarscáileanna Suirbhéireacht Ordanáis na hÉireann

Chomh maith le líon mór léarscáileanna clóbhuailte agus lámhscríbhinní, tá bailiúchán ag an Leabharlann Náisiúnta de Léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis. Ar dtús, fuarthas léarscáileanna mar chuid de na bailiúcháin Joly agus RDS – bunbhailiúcháin na Leabharlainne. Ó shin i leith cuireadh le Bailiúchán Suirbhéireachta Ordanáis na Leabharlainne faoi théarmaí reachtaíocht cóipchirt agus tá níos mó ná 47,000 léarscáil ina seilbh aici anois, ó na léarscáileanna is luaithe a d'fhoilsigh an tSuirbhéireacht Ordanáis go dtí na cinn i gcló inniu.

Tionscadal Caomhnaithe Léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis

Ceanglaíodh bailiúchán na Leabarlainne de léarscáileanna luath na Suirbhéireachta Ordanáis i níos mó ná 1000 imleabhar mór (cosúil ó thaobh méid de le nuachtáin chruachóipe). Chun léarscáil amháin a cheadú ba ghá an t-imleabhar go léir a aisghabháil don chontae sin – próiseas a bhí ciotach agus a chur go mór le caitheamh agus cuimilt an bhailiúcháin.

I mí Feabhra 2002 tionscnaíodh tionscadal caomhnaithe, ag baint léarscáileanna ó na ceangail a bhí orthu agus a gcur i bhfillteain nua. Bhí drochbhail ar a lán díobh. D'fheabhsaigh sé seo go mór dálaí stórála agus bunchoimeád fadtéarmach an bhailiúcháin, agus rinne sé é níos éasca ar léitheoirí leathanaigh léarscáileanna aonair a cheadú. Is féidir breathnú ar na léarscáileanna a phróiseáiltear sa tionscdal caomhnaithe trí choinne a dhéanamh. Liostaítear gach léarscáil caomhnaithe in aghaidh an leathanaigh i mBunachar Sonraí Léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis. Is féidir liostáil achomair in aghaidh an chontae a íoslódáil anseo:

Liosta na Léarscáileanna Suirbhéireachta Ordanáis Caomhnaithe Conserved_OSI_Maps_List_April06.pdf (0.01 MB, Adobe PDF)

Ar ais go dtí Bailiúcháin Léarscáileanna.
 
Amharc Lánléargais ar Cho.Chill Mhantáin agus de Chathair ... Bhaile Átha Cliath, c.1850idí
Amharc Lánléargais ar Cho.Chill Mhantáin agus de Chathair ... Bhaile Átha Cliath, c.1850idí
Naisc Thapa