Léarscáileanna Clóbhuailte Eile

Tá an Leabharlann i seilbh bailiúcháin de léarscáileanna ginearálta na hÉireann, ó dheireadh an séú haois déag i leith, le go leor acu le fáil in atlais chlóbhuailte. Tá go leor léarscáileanna mar léaráidíocht do leabhair chlóbhuailte freisin, ar inchuardaithe iad de réir ainm an chartagrafaí nó ainm an chontae nó an bhaile san Innéacs Cártaí do Léarscáileanna sa Phríomh-Sheomra Léitheoireachta. Áirítear leo míreanna éagsúla mar léarscáileanna Taylor agus Skinner de bhóithre na hÉireann ón mbliain 1777; pleananna cúrsála d'abhainn an Lagáin le Robert Whitworth; léarscáil le John O'Donovan de chuaird Mhuircheartach MacNeill; léarscáileanna de ghualcheantar Laighean a léirítear in eagrán éigin den Transactions of the Civil Engineers; léarscáileanna geolaíochta; agus léarscáileanna a tarraingíodh lena n-áireamh i lámhleabhair thurasóirí ar nós The Pictorial Handbook to Carlingford Bay and Watering Places in its Vicinity (1846).

Ar ais chuig Bailiúcháin Léarscáileanna.

 
Amharc Lánléargais ar Cho.Chill Mhantáin agus de Chathair ... Bhaile Átha Cliath, c.1850idí
Amharc Lánléargais ar Cho.Chill Mhantáin agus de Chathair ... Bhaile Átha Cliath, c.1850idí
Naisc Thapa