Bailiúcháin

Lean na naisc thíos le do thoil chun tuilleadh a fháil amach faoinár mbailiúchán léarscáile priontáilte. Féach an rannóg Léarscáileanna Lámhscríbhinní chun eolas a fháil faoin mbailiúchán cuimsitheach atá ag an Leabharlann de léarscáileanna lámhscríbhinní agus léarscáileanna luathchlóbhuailte.


Bailiúchán Léarscáileanna Suirbhéireacht Ordanáis na hÉireann
Tá níos mó ná 47,000 léarscáil anois i mbailiúchán léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis sa Leabharlann Náisiúnta. Cuireadh le líon na léarscáileanna de réir na mblianta faoi théarmaí reachtaíocht cóipchirt, agus áirítear i measc an bhailiúcháin na léarscáileanna is luaithe a tháirg an tSuirbhéireacht, leasuithe éagsúla ina dhiaidh sin, agus na cinn i gcló inniu.

Léarscáileanna Clóbhuailte Eile
Áirítear le bailiúchán mór léarscáileanna na Leabharlainne léarscáileanna ginearálta d'Éirinn, le go leor acu le fáil in atlais chlóbhuailte.
 
Amharc Lánléargais ar Cho.Chill Mhantáin agus de Chathair ... Bhaile Átha Cliath, c.1850idí
Amharc Lánléargais ar Cho.Chill Mhantáin agus de Chathair ... Bhaile Átha Cliath, c.1850idí
Naisc Thapa