Bailiúchán O'Dea

Tá 5,350 prionta grianghrafadóireachta i mBailiúchán O'Dea (i dteannta leis na claonchlónna comhfhreagracha) ag clúdach gach gné den iompar iarnróid in Éirinn, idir na blianta 1937 agus 1966. Ba é James P. O'Dea a thóg na grianghraif, ar dhíograiseoir iarnróid amach is amach é, agus áirítear leis na hábhair innill traenach, stáisiúin agus droichid iarnróid, chomh maith le foireann agus paisinéirí iarnróid.

Tá innéacs mionsonraithe den bhailiúchán iomlán ar fáil i mbunachar sonraí ar líne. Tugtar faoi deara nach bhfuil íomhánna greamaithe den bhunachar sonraí. Is féidir teacht ar rogha taifead catalóige nasctha le híomhánna sa Chatalóg Ar Líne.

Traein ag dul trí Stáisiún Iarnróid Theach Srafáin, 1962 (Tag.: ODea 33/52).Traein ag dul trí Stáisiún Iarnróid Theach Srafáin, 1962 (Tag.: ODea 33/52).

Reáchtáil an Chartlann dhá thaispeántas Aitheanta Traenach sa Leabharlann le linn na bliana 2000, ceann ina raibh íomhánna iarnróid ó Bhailiúchán O'Dea.

Ar ais chuig Bailiúcháin Ghrianghrafadóireachta.

 
Díshealbhú, Maigh Sheasta, Co.an Chláir, ca. 1886-1890 (LROY 1767).
Díshealbhú, Maigh Sheasta, Co.an Chláir, ca. 1886-1890 (LROY 1767).
Naisc Thapa