Bailiúcháin Eile

Albaim

Tá os cionn 400 albam grianghrafadóireachta ann a chuimsíonn réimse leathan ábhar idir albaim pholaitiúla agus theaghlaigh. Tá innéacs ar fáil don ábhar sin sa Seomra Léitheoireachta.

Bailiúcháin Chásáilte

Tagann na grianghraif ó roinnt bailiúcháin aonair, agus iad grúpáilte le chéile de réir a bhformáide. Portráidí is ea iad a thóg stiúideonna tráchtála i laethanta luatha na grianghrafadóireachta agus iad ag teacht anuas dúinn ó dheireadh na 1840í. Tugtar grianghraif dhaigéaracha orthu; íomhá a tháirgtear ar phláta copair le sraith airgid ríshnasta air, suite i bhfráma laistiar den ghloine agus iniata i gcás taispeántais, agus ambraitíopaí; a bhí cosúil ó thaobh stíle agus cuir i láthair leis, ach an íomhá bheith ar ghloine seachas ar chopar, tháinig siad tar éis an ghrianghraif dhaigéaraigh, agus bhí siad coitianta go déanach sna 1850í.

Táthar tar éis roinnt de na grianghraif sin a chatalógú agus a dhigitiú, agus is féidir teacht orthu faoina n-ainm teicniúil (Grianghraif DhaigéarachaAmbraitíopaí) i gcuardach 'Eochairfhocal Ábhair' den Chatalóg Ar Líne.

Bailiúchán Mhic Easmainn

Tá páipéir an Ridire Ruaidhrí Mac Easmainn taiscthe sa Rannóg Lámhscríbhinní de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Tá na grianghraif bhainteacha le fáil sa Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, ag teacht go 110 prionta. Tá roinnt portráidí den Easmannach agus dá theaghlach ann, ach baineann móramh an ábhair lena shaothar iniúchach sa Chongó agus i Meiriceá Theas. Táthar tar éis an bailiúchán a chatalógú go hiomlán agus na híomhánna a dhigitiú sa Chatalóg Ar Líne. Tá comhad ina bhfaightear cóip ionaid de na híomhánna ar fáil i seomra léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta Grianghrafadóireachta.

Bailiúchán Chandler

Is bailitheoir agus staraí neamhspleách den ghrianghrafadóireacht Éireannach é Edward Chandler, de bhunadh Bhaile Átha Cliath, go háirithe den ré Victeoiriach. Shealbhaigh an Leabharlann cuid dá bhailiúchán éagsúil de ghrianghraif Éireannacha, timpeall 1500 mír, lena mbaineann carte-de-visites agus portráidí caibinéid de dhaoine neamhaithnid chomh maith le steiréagraif luatha. Tá cabhair tagartha ar fáil i seomra léitheoireachta de chuid na Cartlainne Náisiúnta Grianghrafadóireachta.

Bailiúchán Colman Doyle

Clúdaíonn an bailiúchán seo tuairim 28,000 de bhailiúchán priontaí agus claonchlónna an tréimhse 1954 - 2000. Soláthraíonn an bailiúchán clúdach den scoth den pholaitíocht, stair shóisialta, portráidí, spórt agus na Trioblóidí i dTuaisceart Éireann. Cuimsíonn sé beagnach seasca bliain de ghairmréim Doyle mar ghrianghrafadóir leis an Irish Press agus le Paris Match. Níl an bailiúcháin ar fáil do thaighdeoirí go fóill.

Coimisinéirí Soilse na hÉireann

Dheonaigh Coimisinéirí Soilse na hÉireann an bailiúchán seo thiar sa bhliain 2000, le tuairim 500 pláta gloine, sleamhnán laindéir agus priontaí scaoilte chomh maith le 7 n-albam ann. Fearacht na nAlbam Lánléargais (féach thíos), ba é an Ridire Robert Hall a thóg an chuid ba mhó de na grianghraif ag tús an chéid seo caite, le linn turas cigireachta bliantúil na gCoimisinéirí timpeall an chósta.

Táthar tar éis an bailiúchán seo a innéacsú go cuimsitheach, tá cóipeanna ionaid ar fáil i gcomhair roinnt de na híomhánna agus is féidir amharc ar na halbaim i seomra léitheoireachta na Cartlainne (tá coinne roimh ré éigeantach). Tá leabhar bunaithe ar íomhánna den bhailiúchán dar teideal For the Safety of All ar fáil ón siopa sa Chartlann agus ón Leabharlann Náisiúnta ar €13.

Bord na gCeantar Cúng

Tá tuairim 105 íomhá sa bhailiúchán grianghraf seo, ar féidir 40 acu a chur i leith an ghrianghrafadóra ainmniúil ó Bhéal Feirste darb ainm Robert J. Welch, agus ceantair chúnga ar feadh chósta an iarthair á ndoiciméadú leo. Bunaíodh Bord na gCeantar Cúng thiar sa bhliain 1891 agus lean an obair ar aghaidh anuas go dtí an bhliain 1923 nuair a ghlac Coimisiún na Talún a chuid feidhmeanna ar láimh.

Calafort na gCealla Beaga, ca. 1912 (Tag.: CDB42).Calafort na gCealla Beaga, ca. 1912 (Tag.: CDB42).

Táthar tar éis an bailiúchán seo a chatalógú agus tá íomhánna ag gabháil le gach aon cheann de na taifid sa
Chatalóg Ar Líne
. Coinnítear cóipeanna ionaid i seomra léitheoireachta na Cartlainne chun críocha tagartha freisin. Bhí an bailiúchán seo mar bhunús leis an taispeántas dar teideal Regeneration.

Bailiúchán Uí Ógáin (Hogan)

Ba ghrianghrafadóir tráchtála agus preasa é W.D. Hogan a bhí lonnaithe ar Shráid Anraí i mBaile Átha Cliath idir 1920 agus 1935. Is dóichí gur thóg an tÓgánach na 160 grianghraf sin faoi chonradh éigin. Taispeántar sna grianghraif 5" x 7" dubha agus bána an saol go luath i mí an Mheithimh agus mí Iúil na bliana 1922 i mBaile Átha Cliath le linn tréimhse luath an Chogaidh Chathrach, agus fir armtha agus fir faoi éide ar na sráideanna.

An radharc ó bharr Cholún Nelson, ca. 1921 (Tag.: Hog213).An radharc ó bharr Cholún Nelson, ca. 1921 (Tag.: Hog213).

Táthar tar éis an bailiúchán a chatalógú agus tá íomhánna digiteacha ar fáil ar an gCatalóg Ar Líne. Tá cóipeanna ionaid ar fáil chun críocha tagartha i seomra léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta Grianghrafadóireachta.

Albaim Lánléargais

Is sna seacht n-albam seo atá os cionn 500 radharc lánléargais ó go luath san 20ú haois ar radhairc chósta timpeall na hÉireann. Ba é an Ridire Robert Hall a thóg na grianghraif. B'eisean an comhairleoir eolaíochta do Choimisinéirí Soilse na hÉireann é, agus chuaigh sé i dteannta leo ar thurais chigireachta cósta. Is féidir breathnú ar na halbaim sin i seomra léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta Grianghrafadóireachta - is gá coinne roimh ré a dhéanamh. Féach an iontráil thuas um Bailiúchán Choimisinéirí Soilse na hÉireann i gcomhair ábhair ghaolmhair.

Bailiúchán Tempest

D'oibrigh an teaghlach Tempest as Co. Lú. gnólacht priontála agus stáiseanóireachta rathúil laistigh den bhaile féin. Ba é Harry Tempest a thóg na 91 pláta gloine sin agus taispeántar iontu an saol i nDún Dealgan agus máguaird sna chéad deich mbliana den 20ú haois.

Brú na Bóinne, Co. na Mí, ca.1910 (Tag.: Tem129).Brú na Bóinne, Co. na Mí, ca.1910 (Tag.: Tem129).


Táthar tar éis an bailiúchán seo a chatalógú agus tá íomhánna ag gabháil le gach aon cheann de na taifid sa Chatalóg Ar Línenó sa Bhunachar Sonraí Grianghraf Digiteach

Bailiúchán Tilbrook

Ba é an Sasanach Richard Tilbrook a thóg na 71 sleamhnán daite atá sa bhailiúchán seo le linn a chuairteanna ar Éirinn sna 1960í agus 1970í. Is sleamhnáin den scoth iad agus saol na tuaithe in Éirinn léirithe iontu, le béim faoi leith ar ghnéithe traidisiúnta an tsaoil. Áirítear Mórshiúlta Corpus Christi, an iascaireacht agus an lucht siúil mar shamplaí de sin. Tá roinnt dearcaí spéisiúla ann freisin de lár Bhaile Átha Cliath roimh scrios Cholún Nelson agus roimh thranglaim thráchta an lae inniu.

Mórshiúl Corpus Christi, An Chathair, c. 1970 (Tag.: Til721).Mórshiúl Corpus Christi, An Chathair, c. 1970 (Tag.: Til721).


Táthar tar éis na sleamhnáin a chatalógú agus tá íomhánna digiteacha ar fáil do gach aon taifead sa Chatalóg Ar Líne.

Ársaíochtaí Westropp

B'ársaitheoir mór le rá é Thomas Johnson Westropp a scríobh go cuimsitheach ar stair roinnt contaetha. Bhí dúil aige sa doiciméadú grianghrafadóireachta freisin, ar tháinig an bailiúchán seo as, arna thiomsú idir na blianta 1898-1921, le timpeall 1300 prionta ann. Tá priontaí platanaim d'ársaíochtaí i gceithre chontae dhéag le fáil in imleabhair uathúla Westropp, Contae an Chláir go príomha. Áirítear le himleabhair 1, 6 agus 7 innéacsanna d'áit agus ábhar. Is féidir amharc ar na halbaim sin i seomra léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta Grianghrafadóireachta; moltar coinne a dhéanamh roimh ré.

Ar ais chuig Bailiúcháin Ghrianghrafadóireachta.

 
Díshealbhú, Maigh Sheasta, Co.an Chláir, ca. 1886-1890 (LROY 1767).
Díshealbhú, Maigh Sheasta, Co.an Chláir, ca. 1886-1890 (LROY 1767).
Naisc Thapa