Bailiúcháin

Cinntíonn tionscadail innéacsaithe, cóipeála agus catalógaithe leanúnacha go bhfuil níos mó rochtana ná riamh ag an bpobal ar na grianghraif atá faoinár gcúram. Mar sin féin, ba chóir a thabhairt ar aird go bhfuil roinnt bailiúchán ann nach féidir a chur ar fáil do thaighdeoirí i láthair na huaire.

Gheobhaidh tú ina dhiaidh seo liosta de roinnt de na bailiúcháin is fearr aithne sa Chartlann. Lean na naisc le do thoil chun tuilleadh a fháil amach faoi bhailiúchán ar leith.


Bailiúchán Lawrence
Bailiúchán topagrafaíochta is ea é seo de thart ar 40,000 claonchló de phlátaí gloine, a chlúdaíonn an tréimhse 1870 - 1914.

Bailiúchán O'Dea
Tá 4,200 prionta agus claonchló comhfhreagrach sa bhailiúchán seo de ghrianghraif iarnróid ag clúdach na tréimhse 1937-1966.

Bailiúcháin Eile
Mionsonraí um bailiúcháin inspéise eile lena n-áirítear Bailiúchán Mhic Easmainn, Bailiúchán Chandler, Bailiúchán Tilbrook agus Bailiúchán Bhord na gCeantar Cúng.
 
Díshealbhú, Maigh Sheasta, Co.an Chláir, ca. 1886-1890 (LROY 1767).
Díshealbhú, Maigh Sheasta, Co.an Chláir, ca. 1886-1890 (LROY 1767).
Naisc Thapa