Bailiúchán Independent Newspapers (Éire)

Cuimsíonn an bailiúchán, ina bhfuil 300,000 íomhá, plátaí gloine, claonchlónna plaisteacha agus roinnt beag priontaí. Tugann sé taifead ar go leor gnéithe de shaol na hÉireann sa 20ú haois, agus tá clúdach láidir ann ar chúrsaí polaitíochta agus spóirt in Éirinn.

Mary Robinson, 9 Samhain 1990 (IND 1190.266)Mary Robinson, 9 Samhain 1990 (IND 1190.266)

Tá digitiú déanta ar chlaonchlónna plátaí gloine a bhaineann leis an tréimhse 1912-1936 agus ar ábhar a bhí mar chuid den taispeántas A Century of News Photography agus tá siad ar fáil sa Chatalóg Ar Líne. Tá obair leanúnach ar siúl maidir leis an mbailiúchán go léir a chur ar fáil ach ní bheidh codanna áirithe den bhailiúchán ar fáil lena gceadú go ceann roinnt blianta fós. Tá áis chuardaigh do shraith claonchlónna a bhaineann le Tuaisceart Éireann sa tréimhse 1967-1978 ar fáil anois lena gceadú i seomra léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta Grianghrafadóireachta.

Ar ais chuig Bailiúcháin Ghrianghrafadóireachta.

 
Díshealbhú, Maigh Sheasta, Co.an Chláir, ca. 1886-1890 (LROY 1767).
Díshealbhú, Maigh Sheasta, Co.an Chláir, ca. 1886-1890 (LROY 1767).
Naisc Thapa