Bailiúchán Poole

D'fheidhmigh comhlacht mhuintir A.H. Poole mar ghrianghrafadóirí tráchtála i bPort Láirge ar feadh na mblianta 1884-1945. Tá portráidí stiúideo de mhuintir Phort Láirge sa bhailiúchán mór seo de phlátaí gloine agus léiríonn sé saol sóisialta agus geilleagrach na cathrach.

Rinneadh micreascannáin de na bunleabhair orduithe agus is innéacs iad don bhailiúchán bunaidh. Tá iontrálacha catalóige do bhreis is 7,300 claonchló plátaí gloine ar fáil i gCatalóg ar Líne na Leabharlainne, agus íomhánna ag gabháil le cuid acu. Is féidir an bailiúchán seo a chuardach trí bhunachar sonraí ar líne freisin.

Grianghraif Dhigiteacha

Rinneadh fo-thacar de Bhailiúchán Poole ar a dtugtar Plátaí Iomlána Poole a dhigitiú agus tá siad ar fáil tríd an gCatalóg ar Líne. Léiríonn na híomhánna sin nádúr ilghnéitheach an bhailiúcháin seo ina gcuimsítear an saol in oirdheisceart na hÉireann ón naoú haois déag go dtí an fichiú haois. Tá na híomhánna as taispeántas Poole’s Photographic Stores ar fáil freisin sa chatalóg ar líne.

Ar ais chuig Bailiúcháin Ghrianghrafadóireachta.
 
Díshealbhú, Maigh Sheasta, Co.an Chláir, ca. 1886-1890 (LROY 1767).
Díshealbhú, Maigh Sheasta, Co.an Chláir, ca. 1886-1890 (LROY 1767).
Naisc Thapa