Lámhscríbhinní Gaelacha

Clúdaíonn an bailiúchán seo, a théann ón 14ú haois go dtí an 21ú aois, ábhair mar litríocht, ginealas, naomhsheanchas (saol na Naomh), spioradáltacht, dlí, leigheas, agus dinnseanchas. I measc na scríbhneoirí a bhfuil trácht orthu sa bhailiúchán seo tá Aodhagán Ó Rathaille, Peadar Ó Doirnín, Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin, Brian Merriman agus Tomás Ó Criomhthain. Déantar trácht ar an luath-thraidisiún bardach leis an leabhar is luaithe dá bhfuil againn fós ar fhilíocht mholta, Leabhar Magauran as Tullyhaw, Co. an Chabháin, agus le himleabhar tábhachtach eile d'fhilíocht bhardach a bhaineann freisin le Co. an Chabháin, An Duanaire Nuinseannach.

Déantar trácht ar Athbheochan na Gaeilge, Gluaiseacht Athbheochana na Gaeilge, a thosaigh sa dara leath den 19ú haois, i mbailiúcháin na Leabharlainne le roinnt de pháipéir Chonradh na Gaeilge, an Chumainn Cheiltigh, Chumann Téacs na hÉireann, Chumann Gaelach Uladh agus Chumann Buan-Choimeádta na Gaedhilge. Ina measc tá Páipéir Oireachtas na Gaeilge, féile cultúir na hÉireann a bhíonn ar bun go bliantúil. Tá go leor de pháipéir arbh le Dubhghlas de hÍde (An Craoibhín Aoibhinn), Eoin MacNéill, Dáithí Ó Coimín (David Comyn), Piaras Béaslaí agus a leithéid iad i dtaisce anseo freisin, chomh maith le roinnt de litreacha Phádraig Mhic Piarais. Chuaigh Athbheochan na Gaeilge agus an Athbheochan Liteartha Angla-Éireannach lámh ar lámh agus iad nasctha go dlúth le polaitíocht na huaire.

Tá liosta de na lámhscríbhinní Gaelacha atá i seilbh na Leabharlainne ar fáil le híoslódáil ar an leathanach um Chatalóga agus Bhunachair Shonraí Lámhscríbhinní.

Tá roinnt lámhscríbhinní Gaelacha ón mbailiúchán seo ar fáil ar an láithreán gréasáin Irish Script on Screen (ISOS), Meamram Páipéar Ríomhaire.

Ar ais chuig Bailiúcháin