Míleata
Déantar ionadaíocht ar an réimse seo leis na 377 imleabhar fóilió de 'Pháipéir Chill Mhaighneann'. Tugann na taifid seo de chuid Ardcheannasaithe na bhFórsaí in Éirinn ó 1780 go dtí 1890 eolas sonraithe ar chúrsaí mar earcaíocht, pearsanra, campaí géibhinn agus gluaiseacht trúpaí.
Tá bailiúchán cuimsitheach ann d'ábhar míleata a bhaineann leis an ngluaiseacht ar son neamhspleáchas náisiúnta in Éirinn suas go dtí 1922. Ina measc tá: páipéir Thomas MacDonagh, John Redmond agus Thomas Clarke.
Ceol
Áirítear leis an mbailiúchán ceoil bronntanais mar bailiúchán Joan Trimble ó 1950-1995, cartlann Feis Ceoil ó 1897-1972, agus cartlann Chumann Ceoil na hÉireann.
Ealaín agus Ailtireacht
William Orpen go dtí Hugh Lane (Ms 35,823).Déantar ionadaíocht ar réimsí ealaíne agus ailtireachta le comhfhreagras a bhaineann le Harry Kernoff, Sarah Purser, Harry Clarke agus Norah McGuiness.
Ina measc freisin tá páipéir a bhaineann leis an Uasal Hugh Lane, ab fhearr aithne air mar bhunaitheoir ar Dhánlann Chathrach Hugh Lane don Nua-Ealaín. Tá cuid mhaith bailiúchán ann freisin, mar bailiúchán Francis Johnston, ina bhfuil líníochtaí ailtireachta, pleananna agus suirbhéanna do thithe, caisleáin, mainistreacha, oifigí, suiteálacha agus gairdíní míleata.