Lámhscríbhinní ar Mhicreascannán

Tá roinnt lámhscríbhinní ar fáil ón Rannóg Lámhscríbhinní freisin i gcomhair comhairliúchán ar mhicreascannán. Is féidir rochtain a fháil orthu siúd i dteannta na micreascannán de bhailiúcháin lámhscríbhinní ar inspéise d'Éirinn iad i seilbh leabharlann agus cartlann ar fud fad an domhain, sa Seomra Léitheoireachta Micreascannáin sa Phríomh-Fhoirgneamh. Is féidir teacht ar liosta Lámhscríbhinní ar Mhicreascannán ag na cuntair sa Seomra Léitheoireachta Lámhscríbhinní agus sa Phríomh-Sheomra Léitheoireachta araon.

Ar ais go dtí Bailiúcháin.