Póstaeir an Empire Marketing Board

Cuimsíonn an bailiúchán seo póstaeir ón Empire Marketing Board de chuid rialtas na Breataine, a raibh ar intinn acu trádáil a chur chun cinn idir an Saorstát agus an Bhreatain Mhór.

Póstaer le Margaret Clarke as Sraith Tionsclaíoch an Empire Marketing Board (EMB/1).Póstaer le Margaret Clarke as Sraith Tionsclaíoch an Empire Marketing Board (EMB/1).

Áirítear ann cúig phóstaer a dhear Margaret Clarke agus dhá cheann le Seán Keating chomh maith le léaráidí ullmhúcháin a rinne Clarke. Bhí Clarke agus Keating ar bheirt de thriúr ealaíontóirí amháin a d'úsáid an Empire Marketing Board; ba é James Humbert Craig an duine eile. Coimisiúnaíodh na póstaeir idir 1929 agus 1930 agus taispeánadh iad i mbailte na Breataine faoin gcomhtheideal 'Empire buying makes busy factories’.

Póstaer de chuid an Empire Marketing Board le Seán Keating (EMB/6)Póstaer de chuid an Empire Marketing Board le Seán Keating (EMB/6)

Ar ais chuig Bailiúcháin Ghearrshaolta.
 
Sonraí as póstaer de chuid an Empire Marketing Board le Margaret Clarke (EMB/4).
Sonraí as póstaer de chuid an Empire Marketing Board le Margaret Clarke (EMB/4).
Naisc Thapa