Bailiúchán Téatair Holloway
Clár den Dublin Drama League, arna dhearadh le Harry Clarke.Ba é Joseph Holloway (1861-1944), a bhí ina ailtire agus a raibh clú air as freastal ar an amharclann, agus a d'athdhear Amharclann na Mainistreach dá hoscailt sa bhliain 1904, a dheonaigh bailiúchán ollmhór ábhar ar an Leabharlann Náisiúnta. Bhí cáil ar Holloway i mBaile Átha Cliath lena linn féin, ag freastal ar gach léiriúchán téatair sa chathair féin agus ag glacadh páirte i ngach aon chumann a raibh baint acu le téatar. Is i Rannóg na nGearrshaolta a fhaightear an bailiúchán clár, póstaer agus billí dráma anois ó timpeall na mblianta 1880-1944, a chlúdaíonn níos mó ná 200 compántas amharclainne, grúpa gairmiúil agus drámatúil.
I measc bhuaicphointí an bhailiúcháin seo tá póstaer chéadoíche d'Amharclann na Mainistreach sa bhliain 1904, ticéad don chéadléiriú ag Amharclann na Péacóige i mí na Samhna 1927, agus cláir amharclainne don Dublin Drama League, arna ndearadh ag an ealaíontóir gloine dhaite Éireannach Harry Clarke.
Féach taifead catalóige an leibhéil bhailiúcháin i gcomhair Bhailiúchán Téatair Holloway.