Bailiúcháin

Lean na naisc thíos le tuilleadh a fháil amach faoi bhailiúcháin ar leith.


Póstaeir agus Forógraí
Bailiúchán de thart ar 3600 póstaer agus forógraí móra ón 16ú haois go dtí na 1950idí.

Póstaeir an Empire Marketing Board
Póstaeir a dhear na healaíontóirí Éireannacha Margaret Clarke agus Seán Keating don Empire Marketing Board, 1929-1930.

Póstaeir Earcaíochta ón gCéad Chogadh Domhanda
Bailiúchán d'os cionn 50 póstaer earcaíochta Éireannach agus Briotanach ón gCéad Chogadh Domhanda.

Cartlann Preasa San Sepulchre
Tacar iomlán d'fhoilseacháin lámhphreasa Phreas San Sepulchre, arna bpriontáil idir na blianta 1964-1992.

Bailiúchán Téatair Holloway
Bailiúchán clár agus póstaer amharclainne agus billí dráma timpeall 1880-1944, arna bhailiú ag Joseph Holloway, duine a raibh clú air as freastal ar an amharclann.

Fillteáin LO
Bailiúchán de thart ar 900 Forógra Rialtais ón séú haois déag go dtí an ochtú haois déag.

Bailiúcháin Eile
Áirítear leis seo Bailiúchán Harry Clarke, Bailiúchán Printéireachtaí Taylor 1798, Bailiúchán Cártaí Poist Niall Murphy, agus an Bailiúchán de Chártaí Toitíní.

Gearrshaolta Nua-Aimseartha
Bailiúchán de ghearrshaolta nua-aimseartha ionadaíoch ó na 1950í go dtí an lá atá inniu ann.
 
Sonraí as póstaer de chuid an Empire Marketing Board le Margaret Clarke (EMB/4).
Sonraí as póstaer de chuid an Empire Marketing Board le Margaret Clarke (EMB/4).
Naisc Thapa