D James Galbraith's Ireland 1970 - 1997

An Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2

7 Márta – 2 Meitheamh 2009

Bhí D James Galbraith ar dhuine de na grianghrafadóirí Meiriceánacha ba iomráití a bhí ag obair san fichiú haois. I measc na ngradam atá faighte aige tá ainmniúchán do Dhuais Pulitzer dá chuid oibre ag doiciméadú Hartland, baile beag i Michigan; tá a shaothar tar éis a bheith i sraith taispeántas siarghabhálach 50 bliain a bhí ar siúl i músaeim, i leabharlanna agus in ionaid ealaíona ar fud Mheiriceá chomh maith.

Rugadh Galbraith i 1930 agus thosaigh sé a shaol oibre mar ghrianghrafadóir do Aerfhórsa SAM; ina dhiaidh sin d’oibrigh sé do nuachtáin in Ann Arbor, Michigan chomh maith le nuachtáin eile i Michigan.

Grianghraf le D GalbraithGrianghraf le D Galbraith

In 2006, shealbhaigh an Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta bailiúchán suntasach de ghrianghraif a thóg sé le linn a chuid cuairteanna ar Éirinn i 1970, 1978 agus 1997. Tá rogha de na grianghraif seo sa taispeántas atá ag teacht aníos sa Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta, D James Galbraith’s Ireland: 1970-1997, agus léiríonn an taispeántas gnéithe éagsúla de shaol na hÉireann a d’athraigh go suntasach le linn tréimhse beagnach tríocha bliana. Tugann na grianghraif léargas ar an saol laethúil i gceantair tuaithe chomh maith le bailte beaga i gCorcaigh, i gCiarraí agus i gCo. an Chláir. Tá íomhánna de ghníomhaíochtaí sráide, shaol na dteach tábhairne agus shaol cheol traidisiúnta na hÉireann le feiceáil san taispeántas freisin.

Is saothar oibre fíorthábhachtach atá i mbailiúchán na Cartlainne Náisiúnta Grianghrafadóireachta, atá comhdhéanta de 1,272 claonchló (dubh agus bán agus daite) agus 131 prionta cartlainne agus prionta de chaighdeán taispeántais - tá sé tábhachtach ó thaobh caighdeán na grianghrafadóireachta agus suntas an ábhair.

Gné fhíorthábhachtach amháin de chur chuige Galbraith maidir leis an ngrianghrafadóireacht agus an bportráidíocht ná an chaoi ina ndearna sé iarracht spiorad agus daonnacht a ábhair a ghabháil; léiríonn a chuid íomhánna na ceangail láidre atá idir daoine agus an talamh, a muintir, a gcairde agus an pobal. Tá an taispeántas ar siúl ón 7 Márta – 2 Meitheamh 2009.

Ar ais chuig Taispeántais Reatha

Tabhair cuairt ar an gCartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta