James Bourchier - saol tiomnaithe don Bhulgáir (Taispeántas iasachta)

An Halla Tosaigh, An Phríomh-Leabharlann

Dé Luain 22 Meán Fómhair - Dé hAoine 10 Deireadh Fómhair

Rugadh James David Bourchier (1850–1920) – iriseoir agus gníomhaí polaitiúil Éireannach - i mBaile an Bhagóidigh in aice le Luimneach, cuireadh oideachas air i Portora Royal School (Inis Ceithleann), agus bhain sé céimeanna amach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus in Ollscoil Cambridge. Thug sé a chéad thuras ar na Balcáin i 1888, agus ina dhiaidh sin bhí a shaol agus a ghairm fite go dlúth le comhdhlúthú stát óg na Bulgáire agus leis na himeachtaí stairiúla sna Balcáin ag deireadh an naoú haois déag agus tús an fichiú haois.

James BourchierJames Bourchier

Bhí Bourchier ina chrann taca ag cúiseanna náisiúnta náisiúin óga na mBalcán mar gheall ar a bháúlacht leo. D'éirigh a ainm in airde nuair a bhí sé mar chomhfhreagraí na mBalcán do The Times idir 1890 agus 1915. Is i Sóifia a bhí Bourchier ina chónaí agus ag obair le linn formhór na tréimhse seo. Bhí meas air i measc na bpolaiteoirí áitiúla mar gheall ar an eolas domhain a bhí aige ar an gceantar, agus d'fheidhmigh sé mar idirghníomhaí uaireanta i gcúrsaí polaitíochta na Bulgáire, na mBalcán, agus na hEorpa. In a lán aistí polaitíochta, tuairiscí, agus ina chomhfhreagras príobháideach, chuir Bourchier a bháúlacht leis an mBulgáir agus lena pobal, agus a thacaíocht dóibh, in iúl arís agus arís eile.

Tar éis a bháis i Sóifia i 1920, cuireadh James Bourchier in aice le mainistir stairiúil Rila sa Bhulgáir.

Insíonn an taispeántas doiciméadach seo scéal Bourchier trí shleachta óna chuid iriseoireachta agus óna chomhfhreagras.

Ar ais chuig Taispeántais Reatha