An Leabharlann Náisiúnta: 120 bliain ar Shráid Chill Dara

Bunaíodh an Leabharlann Náisiúnta in 1877, ach níor osclaíodh ár bhfoirgneamh suaitheanta ar Shráid Chill Dara go dtí an 29 Lúnasa 1890. Déantar ceiliúradh ar an gcomóradh seo le taispeántas sealadach i bpríomhfhoirgneamh na Leabharlainne. Buail isteach le heolas breise a fháil ar stair agus ar ailtireacht na Leabharlainne Náisiúnta.